Fáilte
Fáilte chuig an gcóras clárúcháin don scéim Cárta Cuairte Dochtúra do Dhaoine os cionn 70 Bliain d’Aois. B’fhéidir gur mian leat go gcláróidh duine éigin do shonraí ar do shon. Tugtar do theagmhálaí ainmnithe ar an duine seo. Teastóidh an t-eolas seo a leanas uait chun clárú:
  • D’uimhir PSP Cad is uimhir PSP ann?
  • Uimhir PSP do chéile nó do pháirtí (más bainteach). Tabhair faoi deara nach bhfuil ach daoine atá 70 bliain d’aois nó os a chionn incháilithe clárú faoin scéim seo.
  • Cuir isteach do sheoladh ríomhphoist nó seoladh ríomhphoist an teagmhálaí ainmnithe. Ligfidh seo dúinn teagmháil a dhéanamh leat nó leis an teagmhálaí ainmnithe go díreach maidir le dul chun cinn do chlárúcháin.

Is féidir an córas clárúcháin ar líne seo a úsáid le réimse fairsing brabhsálaithe (Microsoft Internet Explorer, Mozilla Firefox, Apple Safari agus Google Chrome ina measc) agus gléasanna, cosúil le ríomhairí pearsanta, ríomhairí glúine, táibléid agus fóin. B’fhéidir nach n-oibreoidh sé le brabhsálaithe agus le gléasanna níos sine agus nach bhfuil chomh slán céanna.

Ar aghaidh linn