Céim 1 Treoracha
- Cuir isteach d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP), d’ainm, d’inscne agus do dháta breithe atá le clárú.
- Má tá do chéile nó do pháirtí (más bainteach) os cionn 70 bliain d’aois freisin agus má fhreastalaíonn siad ar an dochtúir céanna leat féin, cliceáil ar an gcnaipe "Cuir céile nó páirtí leis má tá siad os cionn 70 bliain d’aois" le do chéile/pháirtí a chur leis.
- Tabhair faoi deara, má fhreastalaíonn do chéile nó do pháirtí ar dhochtúir difriúil, níor cheart iad a chur san áireamh sa chlárú ar líne seo agus beidh orthu a gclárú féin a dhéanamh.
- Is éard atá i gceist le ‘gnáthchónaí’ ná go bhfuil cónaí ort in Éirinn nó go bhfuil sé i gceist agat cónaí anseo go ceann bliana ar a laghad.
- Nuair a bheidh sé críochnaithe, cliceáil ar ‘Lean ar Aghaidh’.