Beartas Fianán

Fianáin ar an láithreán gréasáin seo

Is le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an láithreán gréasáin seo agus is ise a dhéanann é a reáchtáil.

Is comhaid bheaga iad fianáin a chruthaítear agus a shábháiltear ar d'fhón, táibléad nó ríomhaire nuair a thugann tú cuairt ar láithreán gréasáin. Stóráiltear iontu faisnéis faoin gcaoi a n-úsáideann tú an láithreán gréasáin, amhail na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu agus an chaoi a n-idirghníomhaíonn tú le hinneachar.

Ní víris ná ríomhchláir atá sna fianáin. Bíonn siad an-bheag agus, mar sin, ní ghlacann siad mórán spáis.

Cén chaoi a n-úsáidtear iad ar an láithreán seo?

Ní úsáidtear fianáin ar an láithreán gréasáin seo ach amháin chun críocha feidhmiúlacht atá fíor-riachtanach le haghaidh na seirbhísí arna n-iarraidh go sainráite ag an úsáideoir le haghaidh a sheisiúin, de réir Rialachán 5(5), IR 336 de 2011 (na Rialacháin r-Phríobháideachais). Úsáidtear fianáin seisiúin ar an láithreán gréasáin seo. Úsáidtear fianáin seisiúin le bunfheidhmeanna an láithreáin gréasáin a chur ar fáil, i.e. ligean do leathanaigh cuimhneamh ar athruithe teicniúla nó ar na roghanna a d'fhéadfá a dhéanamh idir leathanaigh. Is éard is fianáin seisiúin ann ná fianáin shealadacha is iondúil a scriostar nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí.

Fianáin a Bhainistiú

Laistigh de do bhrabhsálaír is féidir leat a roghnú cé acu is mian leat glacadh le fianáin nó nach mian. Ní bíonn na rialuithe mar an gcéanna i ngach brabhsálaír agus, mar sin, tabharfaidh na naisc thíos chuig treoracha na monaróirí is mó tú, áit a bhfaighidh tú amach cén chaoi an méid sin a dhéanamh. Go ginearálta, tabharfaidh do bhrabhsálaír an rogha duit glacadh le fianáin, iad a dhiúltú nó iad a scriosadh (1) i gcónaí, (2) i gcás soláthraithe a n-úsáideann úinéirí láithreáin gréasáin iad (“fianáin tríú páirtí”), nó (3) i gcás láithreáin ghréasáin ar leith.

Feidhm ghnó inmheánach de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) is ea an tSeirbhís Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúlra (PCRS) agus, mar sin, tá an méid anseo ag teacht le Ráiteas Foriomlán Fianán FSS. Féach Ráiteas Fianán FSS le tuilleadh eolais a fáil: Ráiteas Fianán HSE.ie - HSE.ie